Psailm 72 BEDELL

Urnaidh arson Sholamh, noch do bfioghair do Chríosd.

Psalm do Sholamh.

1 A Dhé, tabhair do bhreitheamhnus don rígh, agus thfíréuntacht do mhac an rígh.

2 Breithneochuidh sé do phobal ré ceart, agus do bhochta ré breitheamhnus.

3 Do bhéuraid na sléibhte síothcháin chum na ndaóine, agus na cnoic bheaga, maille re ceairt.

4 Béuraidh sé breath ar bhochtaibh na ndaóine, sáorfa sé clann na neasbhadhach, agus brisfe sé an fear sáruighthe a mbloibh.

5 Biáidh heagla orra an feadh bhías an ghrían ann, feadh mhairfeas an ghealach, ó ghinealach go ginealach.

6 Tiucfaidh sé a núas amhuil a nfearthuinn air an bhféur géarrtha: mar na ceathaibh fliuchadh na talmhan.

7 Iona láethaibhsin bláithfid na fíréin; agus iomad síothchána an feadh bhías an ghealach ann.

8 Agus biáidh tighearnus aige ó fhairge go fairge, agus ón tsruth go téorannuibh na talmhan.

9 Cláonfuid na fhíaghnuisi an drong áitreabhus annsa díothramh; agus lighfid a naimhde an luáithreadh.

10 Do bhéuraid ríghthe Tarsis agus na noiléan tiodhlacadh: toirbheoruid ríghthe Saba, agus Séba pronta.

11 Agus tuitfidh gach uile rígh síos dá lathair: do dhéanaidh a nuile chineadh seirbhís dó.

12 Oír sáorfuidh sé an teasbhuidheach noch do ní éigheamh, agus an bocht mar an gceadna; agus an té ag nach bhfuil fear tárthála.

13 Do dhéana sé truáighe don bhocht agus do neasbhadhach, agus tárthochuidh sé anmanna na ndeireóil.

14 O mhealladh agus ó fhoiréigion fuáisceoluidh sé a nanam: agus budh dáor a bhfuil iona radharc.

15 Agus an feadh mhairfeas sé, do bhéara sé dhó dór Shéba: agus do dhéana sé guídhe ar a shon do ghnáth; beinneochar é go láetheamhuil.

16 Biáidh dornán arbha annsa talamh air mhullach na slíabh; biáidh a thoradh sin ar críth cosmhuil ré Lebanon, agus do dhéanuid caithriughadh amach as an ccathruigh mar luibh na talmhan.

17 Agus mairfidh a ainm go bráth: an feadh bhías an ghrian ann iseadh bhías a ainm ag leathnughadh: agus beinneochar dáoine annsan: goirfidh a nuile chineadh sona dhe.

18 Go madh beannuigh bhías an TIGHEARNA Día, Día Israel, noch amháin do ní neithe iongantacha.

19 Agus go madh beannuigh bhías a ainm glórmhar go bráth: agus líontar an talamh le na ghlóir; Amen, agus Amen.

20 Marso chríochnuighios urnuigh Dháibhi mhic Iesse.