Psailm 107 BEDELL

Modh bhreith buidheachuis do Dhía arson a fhúascalta as gach cumhgach.

1 Moluidhsi an TIGHEARNA, óir is maith é: óir mairigh a thrócaire go bráth.

2 Abraidís an dream noch dfúascail an TIGHEARNA, noch dfúascail sé ó láimh na daóirse;

3 Agus do chruinnigh íad as na críochaibh, ó náird shoir, agus ó náird shíar, agus ó náird thuáigh, agus theas.

4 Do bhádar ar seachrán annsa bhfásach a slighe uáignidh; caithreacha áitreibhthe ní bhfúaradar.

5 Ocrach agus tartmhar, do lagaidh a nanam ionta.

6 Feachd dó gháireadar chum an TIGHEARNA iona nanacair, do sháor sé íad ó na gcumhgach.

7 Agus do thréoruigh sé íad a slighe dhírigh, do dhul go cathruigh áitrighthe.

8 Admhuighdís don TIGHEARNA a thrócaire, agus a oibreacha iongantacha do chloinn na ndáoine!

9 Oír sásuidh sé an tanam tartmhar, agus líonuidh sé an tanam ocrach lé maith.

10 An lucht so noch shuighios a ndorchadus agus a sgáile an bháis, cuibhrighthe a mbuáidhreadh agus a niarann;

11 Do bhrígh gur chathuigheadar a naghaidh bhríathra Dé, agus gur tharcuisnigheadar comhairle an té is Airde:

12 Ar a nadhbharsin thug seision a ccroidhe a núas ré búaidhreadh; do thuislighiodar, agus ní raibh fear da bhfurtachd.

13 Agus déigheadar chum an TIGHEARNA íona mbuáidhreadh, do sháor sé íad ó na gcumhgach.

14 Agus thug sé amach íad as dorchadus agus scáile an bháis, agus do bhris a ccuibhrighthe o cheile.

15 O go molaidis an TIGHEARNA air son a thrócaire, agus a oibreacha iongantacha do chloinn na ndáoine!

16 Oír do bhris sé na geatadha práis, agus do ghearr sé na barradha íaruinn o cheile.

17 Buáidhearthar amadain do bhrígh a naindlighe, agus do bhrígh a bpeacaidh.

18 Dfúathaigh a nanam a nuile bhíadh; tigid a ngar do dhoirsibh an bháis.

19 Agus do gháireadar chum an TIGHEARNA iona nanacair, ó na gcumhgach do sháor sé íad.

20 Do chuir sé a bhríathar, agus do leighis íad, agus do thárthuigh íad ó na milleadh.

21 Admhuighdis don TIGHEARNA arson a thrócaire, agus a oibreacha iongantacha do chloinn na ndaóine!

22 Agus íodhbraidís íodhbartha molta, agus foillsighidis a oibreacha lé lúathgháire.

23 An lucht théid síos chum na fairge a lungaibh, noch do ní a nobair a nuisgeadhuibh móra;

24 Do chíd oibreacha an TIGHEARNA, agus a ionganta annsa naigéan.

25 Oír aithnighionn seision, agus seasfuidh gáoth anfadhach, agus tóigfe súas a thonna sin.

26 Rachaid súas go nuige neamh, rachaid síos gus a naigéan: leaghaidh a nanam tre bhuáidhreadh.

27 Iompoighid chuige is úadha, agus tuismidhid mar fhear meisge, agus ataid ag críoch an éugnadh.

28 Annsin gáirid chum an TIGHEARNA ann a nanacair, agus do bhéaruidh amach íad ó na gcumhgach.

29 Tráothfuidh an tanfadh a cciúnas, agus béid a ttonna sin na comhnuighe.

30 Agus béid lúathgháireach do bhrígh go mbéid síad súaimhneach; agus tréorochuidh íad go cúan a ttoile.

31 Admhuighdís don TIGHEARNA a oineach, agus a oibreacha iongantacha do chloinn na ndaóine!

32 Agus móruighedís é a gcoimhthionól na ndaóine, agus a nionad súighe na sinnsior molaidís é.

33 Iompóighe sé aibhne a mbáinsidh, agus toibreacha uisge a dtalamh ttartmhar;

34 Fearann tórthach a ngorta, ar son corbaidh an luchta noch áitrighios ann.

35 Iompoighe sé fásach a loch uisge, agus fearann tirim a ttoibribh fíoruisge.

36 Agus cuiridh na hocraigh na ccomhnuighe annsin, go nullmhuighid cathair chum áitreibhthe;

37 Agus go ccuirid machaireadha, agus go ndéanaid fíneamhna, agus do bhéaraid toradh bisigh.

38 Beinneochuidh sé íad mar an gceadna, agus méideochaidh go mór; agus ní laighdeochaidh sé a neallach.

39 Agus a rís, laghduighear íad agus do bhearthar a núas íad le sarúghadh, le holc, agus le doilghios.

40 Dóirtigh sé tarcuisne air phrionnsuighibh, agus do bheir orra bheith air seachrán annsa bhfásach, mar nach bhfuil slighe ar bith.

41 Agus tóigfe sé súas an bocht ó aindeise, agus do ní sé muinnteara dhó mar thréud.

42 Do chife an firéun sin, agus biáidh lúathghaireach: agus druidfe a nuile éaigceart a bhéul.

43 Cía atá críonna, agus bheirios na neitheso dá aire, agus tuigfidh siad cinéul grádhach an TIGHEARNA.