Psailm 40 BEDELL

Fáigheadoireachd ar fhireantacht Chríosd, do sháruigheas ceártas an tseinreachd.

Don phrímhfhéar ceóil, Psalm Dháibhi

1 Do fheith mé go foighideach ris an TTIGHEARNA; agus do chláon sé chugam, agus do chúaluidh mo chomhairc.

2 Thug sé súas mé mar an gcéadna as an bpoll úathbhásach, as criáidh lathaidh, agus do chuir mo chosa ar charruic, agus do dhaingnidh mo choiscéime.

3 Agus do chuir sé caintic núadh ann mo bhéul, moladh dar Ndía: do chífid mórán é, agus biáidh eagla orra, agus cuirfid a ndóigh annsa TIGHEARNA.

4 Is beannuighe an duine chuireas a dhóthchus ansa TIGHEARNA, agus nár fhéuch do nuáibhreach, nó don luchd chláonas chum bréug.

5 O a THIGHEARNA ar Ndía, do rinnis iomad dot oibreachaibh iongantacha, agus dot smuaintighibh dhúinne: ní féidir do neach a ccunntas duitsi a nórdughadh: dá bhfoillseochuinn íad agus a labhairt, is mó íad ná is féidir áireamh.

6 Níor íarr tú íodhbairt nó ofráil; dfoscail tú mo chlúasa: ofráil loisge nó ofráil pheacaidh níor íarr tú.

7 Annsin a dúbhairt misi, Féuch, atáim ag teacht: a cceann an leabhair atá scríobhtha orumsa.

8 Is áoibhin leam do thoil do dhéanamh, O mo Dhé: agus atá do dhligheadh a meadhón minneadh.

9 Do shoisgéil mé thfíréuntacht annsa gcoimhthionól mhór: féuch, níor connuimh mé mo bhéul, is aithne dhuit, a THIGHEARNA.

10 Níor fholuigh mé thfíréuntachd a meadhon mo chroidhe; dfoillsigh mé thfírinne agus do shlánughadh: níor cheilios do chineal grádhach agus thfírinne ón ccoimhthionól mhór.

11 Ná connuimhsi úaim a THIGHEARNA, do thrócaire chineulta: coimhéadadh hoineach grádhach agus thfírinne do ghnáth mé.

12 Oír do timchiolladar uilc dhóairmhe fa ccuairt mé: do ghabhadar na peacaidh greim dhíom, agus ní fhéaduim fhéuchuin súas; atáid ní is líonmhuire ná grúag mo chinn: agus do thréig mo chroidhe mé.

13 Toiligh, a THIGHEARNA, mo sháoradh: a THIGHEARNA, déan deithnios dom chabhair.

14 Náirighthear, agus claóidhtear íad a néinfheachd noch íarrus manam do mhilleadh; filltior ar a nais agus náirighthear an dream noch órduighios olc dhamh.

15 Diothlaithrighthear íad mar lúaigheachd a náire noch a deir riom, Aha, aha.

16 Déanaidís gáirdeachus agus bídís lúathgháireach ionnadsa gach áon dá níarrann tusa: abraidís a ccomhnuighe gach a ngrádhuighionn do shlánughadh, Go méadaighthear an TIGHEARNA.

17 Bíodh go bhfuilim bochd agus easbhuidheach; smuáinfidh an TIGHEARNA orum: is tú mo chobhartha agus mo shaortheoir; ó a Dhía, ná déan faillighe.