Psailm 42 BEDELL

Teasghrádh Dháibhi a seirbhís Dé.

Don phrímhfhear ceóil, Psalm teagaisg chum cloinne Córah.

1 Mar dhúilighios a neilit srothá na nuisgeadh, is marsin dhúilighios manam ionnadsa, a Dhé.

2 Atá tart air manam chum Dé, chum an Dé mharthannuigh: ca huáir thiucfad agus thaisbeanfad mé féin ós coinne aighthe Dé?

3 Dob íad mo dhéora mo bhíadh do ló agus doidhche, an feadh a deirthear riom go láetheamhuil, Cáit a bhfuil do Dhía?

4 Cuimhnighim na neithesi, agus dóirtim orum amach manam: oír do chuáidh mé ris an ccoimhthionól, do chuáidh mé léo go tigh Dé, lé guth lúathgháire agus molta, le hiomad ag congmhail láoi féile.

5 Cred fa tteilgthear síos thú, ó manam? agus cread fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfad é fós ar son sláinte a aighthe.

6 O mo Dhía, atá manam ar na theilgion síos ionnam: da bhríghsin cuimhníghim ortsa ó thalamh lordan, agus Hermonim, agus ón ccnoc bheag.

7 Goiridh an dubhaigéan chum an dubhaigéin re guth do dhuisioll uisgeadh: do chúador do thonna agus do thuile úile tharam.

8 Annsa ló aitheanas Día dhá thrócaire, agus annsa noidhche a chaintic agamsa, urnaigh chum Dé manma.

9 Déara mé ré Día mo charraic, Cred as ar dheármuid tú mé? cred fa nimthighim go doilghiosach ó shárughadh mo námhad?

10 Lé cloidheamh ann mo chnámhuibh, scannluighid meascáirde mé; an feadh a deirid riom go láetheamhuil; Cáit a bhfuil do Dhía?

11 Cred fa tteilgeann tú thú féin síos, ó manam? agus cred fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: oír molfa mé fós é, sláinte maighthe, agus mo Dhía.