1 Bi trócaireach dhamh, a Dhé, bí trócaireach dhamh: óir is ionnadsa atá dóigh manma: agus a scáile do sciathán bhías mo dhóigh, nó go ndeachaidh na huilcsi thorum.
2 Eíghfe mé chum Dé is ro áirde; chum an Dé noch choimhlíonus a nuile ní dhamhsa.
3 Cuirfidh sé ó flaitheamhnus, agus sáorfa sé mé, do bheir scannail don té noch do shloigfeadh súas mé. Selah. Cuírfidh Día a thrócaire agus a fhírinne chugam.
4 Atá manam a measg leomhan: luighim a measc druinge atá re theinidh, eadhon clann na ndaoine, dar gháethe agus soighde a bhfíacla, agus gur cloidhmhthe géara a tteangtha.
5 Bi ar hárdughadh, ós cionn na bhflaitheamhnus, a Dhé; do ghlóir ós an ttalamh uile.
6 Dullmhuigheadar líon a ccoinne mo choiscéimigh; do chláon manam síos: do thochladar log romham, do thuiteadar féin iona mheadhón. Selah.
7 Atá mo chroidhe ullamh, a Dhé, atá mo chroidhe ullamh: canfad agus do dhéanad moladh.
8 Músgail súos, ó mo ghlóir; dúisighe a shaltracha agus a chláirseacha: múisgeola mé air maidin.
9 Molfad thú, a measc na ndaoine, a THIGHEARNA: canfad duit a measg na gcineadhach.
10 Oír is mór do thrócaire go nuige na neamha, agus thfírinne go nuige na néulla.
11 Bí ar hárdughadh, os cíonn na bflaitheas, a Dhé: do ghlóir ós cionn na talmhan uile.