Psailm 25 BEDELL

Teagasc chum an bheatha mharthanuigh.

Psalm Dháibhi.

1 Chugadsa, ó a THIGHEARNA, thógbhuim súas manam,

2 O mo Dhía, cuirim mo dhóthchus ionnad: ná náirighthear mé, na déanaid mo naimhde gáirdeachus ós mo chionn.

3 Fós, an mhéid chuiríos a ndóigh ionnad ná náirighthear íad: bíodh náire air a ndroing noch chionntuighios gan chúis.

4 Foillsigh a THIGHEARNA, do shlighthe dhamhsa; taisbéin damh do chasain.

5 Tréoruigh mé ann thfírinne, agus teagaisc mé: óir is tú Día mo shlánuighthe; ortsa bhím ag feithiomh air feadh an laói.

6 Cuimhnigh do thrócaire chinealta, ó a THIGHEARNA, agus do mhuinnteardhas grádhach; óir atáid ann a ríamh.

7 Ná cuimhnigh peacadh móige, ná mo sháruighthe: do reír do thrócaire cuimhnigh mé ar son do mhaitheasa, a THIGHEARNA.

8 Is maith agus is díreach an TIGHEARNA: uimesin teagaiscfidh sé na peacuich san tslighe.

9 Tréorochuidh sé na ceannsaighthe a mbreitheamhnus: agus múinfidh sé a shlighe do na ceannsaighthibh.

10 Is trócaire agus fírinne slighthe an TIGHEARNA uile don luchd chongmhus a chunnradh agus a fhiaghnuiseadh.

11 Ar son hanma, a THIGHEARNA, iseadh mhaithfeas tú méaigceart; bíodh gur mór sin.

12 Cia hé an duine air a bhfuil eagla an TIGHEARNA? múinfe sé é annsa tslighe thoighfeas sé.

13 Aitreobhuidh a anam a maith; agus biáidh oidhreacht na dúithche aga chloinn.

14 Atá rún an TIGHEARNA ag an luchd eagluigheas roimhe; agus foillsighidh a chunnradh dhóibh.

15 Atáid mo shúile a ccomhnuidhe chum an TIGHEARNA; óir do bhéara sé mo chos as an líon.

16 Féuch orum, agus déan trócaire orum; óir atáim áonránach agus buaidheartha.

17 Do fairsingeadh buáidhreadh mo chroidhe: ó tabhairsi amach as manacra mé.

18 Féuch ar manacra agus air mo phéin; agus maith mo pheacuidhe uile dhamh.

19 Féuch air mo naímhde; óir atáid ar na méudughadh; agus atá fúath aca orum le foiréigion.

20 Coimhéad manam, agus sáor mé: agus ná náirighthear mé; do bhrígh go bhfuil mó dhóthchus ionnadsa.

21 Cumhduigheadh díoghruis agus ceart me; óir dfan mé leachdsa.

22 Sáor Israel, ó a Dhía, ó nuile bhuáidhreadh.