1 An labharthaoi ceart dha ríribh, a choimhthionól? a ndéantaói breitheamhnus go díreach, sibhse a chlann na ndaóine?
2 A seadh, a ccroidhe oibrighthí urchóid; annsa talamh chomhthromaidh foiréigion bhur lámh.
3 Do níd na ciontaigh coimhthighidh dhíobh féin ón mbroinn: tiaghaid ar seachrán ón mbolg, ag labhairt bhréug.
4 Is cosmhuil a nimh re nimh naithreach nimhe: is cosmhuil íad re hadar boghar noch dhruidios a chlúas.
5 Noch nach éistfe re guth na ndrúagh, ag cleachtadh a ndraóidheachda go glic.
6 A Dhé, bris a bhfíacla iona mbéul: bris amach fíacla móra na nóigleomhan, a THIGHEARNA.
7 Leaghaidís amhuil uisge noch rithios go dían a ccomhnuigh: a nuáir mheasas sé a shaighde do chaitheamh, bídís mar budh géarrtha na mblodhuibh.
8 Mar leaghas an seilíde, amhluidh sin tíaghaid a mugha; mar thoirrchios an-abuidh mná, go nach bhfacaid an ghrían.
9 Ní is doiche ná mhoitheochas bhur bpotuighe na deilg, comhmaith an beó agus an críon, búaidhirfidh an tanfa é.
10 Do dhéana an fíréun lúathgháire an tan chífios an dioghaltas: nighfe a chosa a bhfuil na neimhdhíadhach.
11 Agus a déara duine, Go deimhin, atá sochar ag an bhfíreun: go dearbhtha sé Dia do ní breitheamhnus air an ttalamh.