1 O a aodhaire Israel, tabhair éisdeachd, thusa noch thréoruighios Ióseph amhuil thréad; deálruighidhsi amach, noch shuighios ar na cherubhínigh.
2 Roimhe Ephraim agus Bheniamin agus Mhanasseh corruidh súas do neart, agus ttárthuigh sinn.
3 A Dhé, iompoigh sinn, agus tabhair air haghaidh deálrugh; agus bíam slán.
4 A THIGHEARNA a Dhé na slógh cá fad bhías tú feargach a naghaidh urnaighe do dhaóine?
5 Do bheathuigh tú íad ré harán na ndéor; agus thugais orra déora ibhe go fairsing.
6 Do ní tú imriosuin dínn dár ccomharsanaibh: agus do níd ar naimhde magadh eaturra féin.
7 A Dhé na slógh, iompóigh sinn arís, agus tabhair air haghaidh deálradh; agus bíam slán.
8 Thug tú fíneamhuin as an Négipt: do theilgis amach na cineadhacha, agus do chuir tú í.
9 Do sholathair tú ionad roimpe, agus thugais air a fréamhach fréamhadh, agus do líon sí an talamh.
10 Do folchadh na sléibhte re na scáile, agus ba séadair mhóra a beangáin.
11 Do chuir sí amach a beangáin go nuige an mhuir, agus a gabhláin gus a nabhuinn.
12 Cred far bhrisis síos a fálta, chor go sgothaid í gach a ngabhann an tslighe?
13 Tochlaidh fíadh-chullach na coilleadh i, agus ithidh beathach állta an mhagha súas í.
14 A Dhé na slógh, iompóigh, a íarmid dadhchuinge ort: féuch ó neamh, agus faic, agus tárr dféachain na fíneamhnaso;
15 Agus an stoc do phlannduigh do lámh dheas, agus an beangán do rinne tú comhláidir sin duit féin.
16 Atá sí ar na losgadh ré teine, géarrtha síos: meathaid ré hachmhusán do ghnúise.
17 Biodh do lámh air fhear do láimhe deise, air mhac an duine noch do rinnis comhláidir sin duit féin.
18 Agus ní racham ar ccúl uáitsi: béodhuigh sinn, agus gairfiom air hainm.
19 A THIGHEARNA a Dhé na slógh, iompóigh arís sinn, agus taisbéin haghaidh dhúinn; agus bíam slán.