1 Ata mo chroidhe ollamh, a Dhé; canfad agus bhearad psalm eadhon rem ghlóir.
2 Múscail, a chláirseach agus a shitirn: múisceoluidh misi ar maidin.
3 Molfa mé thú, a measg na ndaóine, a THIGHEARNA: canfad salm dhuitsi a measg na gcineadhach.
4 Oir is mór do thrócaire ós cionn na neamh: agus thfírinne go nuige na spéirighe.
5 Bí ar hárdughadh, ós cionn na neamh, a Dhé: agus ós cionn na talmhan uile do ghlóir;
6 Chum go sáorthaói háos grádha: sáor le do láimh dheis, agus freagair mé.
7 Do labhair Día iona náomhthachd; do dhéanad lúathgháire, roinnfiod Sechem, agus toimheosad gleann Sucot.
8 Is líomsa Gílead, agus is leam Manasseh; agus is é Ephraim mar an gceadna neart mo chinn; is é Iúdah do bheir mo dhligheadh úadh;
9 Moab mo phota ionnlaith; teilgfiod mo bhróg tar Edom; agus do dhéanad caithréim ós cionn Phalestina.
10 Cía bhéaras mé go cathraigh an dídin? cía thréorochus mé go Hédom?
11 Nach déana tusa, a Dhé, noch do theilg uáit sinn? agus nach racha tú amach, a Dhé, lé ar slúaghaibh?
12 Tabhair cabhair dhúinn ó bhuáidhreadh: óir is díomhaóin furtachd an duine.
13 A Ndía do dheanam gaisge: agus sailteoruidh seision síos ar naimhde.