19 Oír dféuch sé a núas ó áirde a náomhthachda; do chonnairc an TIGHEARNA ó na neamhuibh an talamh;
20 Chum go ccluinfeadh éagnach an phríosúnaigh; go scaóileadh sé clann an bháis;
21 Dfoillsiughadh anma an TIGHEARNA a Sion, agus a mholadh ann Ierusalem;
22 Mar chruinneochtar na daóine a néinfheachd, agus na rioghachda, chum seirbhíse do dhéanamh don TIGHEARNA.
23 Do bhuáidhir sé mo néart annsa tslighe; do ghearraidh sé mo laéthe.
24 A dúbhairt mé, O mo Dhía, na beir as mé a meadhonn mo laéthe: tré ghinealach na nginealach atáid do bhlíadhnasa.
25 O thosach do shuighidh tú bunáit na talmhan: agus síad na flaithis oibreacha do lámh.