1 Tugaidh búidheachus don TIGHEARNA; goiridh air a ainm: foillsighidh a measg na gcineadhach a ghníomhartha.
2 Canuidh dhó, canuidh psalm dhó: labhruidh air a iongantuibh uile.
3 Déanuidh glóir iona ainm náomhtha: déanadh a gcroidhesion gáirdeachus noch shirios an TIGHEARNA.
4 Iarruidh an TIGHEARNA, agus a neart: íarruidh a aghaidh a gcomhnuidhe.
5 Cuimhnighidh a ionganta noch do rinne sé; a chomharthadha, agus breitheamhnuis a bhéil;
6 Sibhsi a shíol Abrahaim a sheirbhiseach, sibhsi a chlann Iacob a áon tóghtha.