10 Agus do dhaingnidh sé é do Iacob mar dhligheadh, do Israel mar chunnradh síorruidhe:
11 Gha rádh, Dhuitsi do bhéaras misi talamh Chánáan: line bhur noighreachta:
12 A nuáir do bhádar beagán daóine; ro bheagán, agus na gcoigcríochaibh ansin.
13 Agus do shiúbhladar ó chineadh go cineadh, ó rioghachd go daoinibh oile.
14 Níor fhulaing sé déanduine éagcoir do dhéanamh orra: acht thug aithfior air a son do ríghthibh;
15 Gha rádh, Ná beanaidh lém ungthachaibh, agus dom fháighibh na déanuidh dochar.
16 Agus do ghoir sé gorta air an ttalamh: agus do bhris sé a nuile stór aráin.