22 Do cheangail a phrionnsoidhe ar a thoil féin; agus a chomhairleacha chum go ndéanadh eagnuidhe íad.
23 Agus do chúaidh Israel don Négipt; agus do chomhnuidh Iácob a ttalamh Cham.
24 Agus thug air a dhaóinibh méadughadh go mór; agus do rinne íad ní bu láidre ná a naimhde.
25 Do iompóigh sé a ccroidhe chum a dhaoine dfúathughadh, agus chum meabhla do dhéanamh air a sheirbhíseachaibh.
26 Do chuir sé úadh Maóise a sheirbhiseach; agus Aaron noch do thogh sé féin.
27 Do chuireadarsan iona measg bríathra a chomharthadh, agus ionganta a ttalamh Cham.
28 Do chuir sé dorchadas chuca, agus do bhí sé dorcha; agus níor cheannairrgeadar a naghaidh a bhréithre.