26 Do chuir sé úadh Maóise a sheirbhiseach; agus Aaron noch do thogh sé féin.
27 Do chuireadarsan iona measg bríathra a chomharthadh, agus ionganta a ttalamh Cham.
28 Do chuir sé dorchadas chuca, agus do bhí sé dorcha; agus níor cheannairrgeadar a naghaidh a bhréithre.
29 Do iompoigh sé a nuisgeadha a bhfuil, agus do mharbh sé a níasg.
30 Thug a ttalamh amach luisgionna go líonmhar, a seomradhuibh codalta a ríghthe.
31 Do labhair sé, agus thainic cumasg do chuiléoguibh, míola iona ttéorannuibh uile.
32 Do rinne sé cloichshneachda da gceathaibh, teine lasardha iona ttalamh.