4 Ar son mo ghrádha atáid na neascáirde agam: agus misi ag urnaigh.
5 Agus do thoirbhriodar dhamh olc a naghaidh maitheasa, agus fúath ar son mo ghrádha.
6 Suighidhse an ciontach ós a chionn: agus seasadh Sátan air a láimh dheis.
7 A nuáir bheirthior breath air, damnuighthear é: agus iompoighthear a urnaigh a bpeacadh.
8 Go madh gann a laéthe, agus gabhadh duine oile a oifig.
9 Biodh a chlann na ndílleachdaibh, agus a bhean na baintreabhaigh.
10 Agus biodh a chlann ar seachrán do ghnáth, agus ag íarruidh déirce: agus íarruid mar an gceadna as a náitibh uáigneacha.