1 Annsa TIGHEARNA chuirim mo dhóigh: cionnus a deir sibhsi rem anam, Eitill mar éun chum do shléibhe?
2 Oír, féuch, lubaid na cionntaigh a mbogha, do níd a saighiod réigh air an tsraing; chor go ccaithfidis go foluigheach air an bhfíréun a ccroidhe.
3 Má scriostar na bunáite, cred is féidir leis na fíréunuibh do dhéanamh?
4 Atá an TIGHEARNA ann a theampall naomhtha, atá árdchathaóir an TIGHEARNA air neamh: do bheirid a shúile aire, teastuighid forrdhubha a shúl, clann a ndaóine.
5 Dearbhuidh an TIGHEARNA an fíréun: acht an ciontach agus an té ghrádhuighios foiréigion fúathuighidh a anam.
6 Air an cciontach fearfuidh sé paintéur teine, agus ruibh, agns anfadh thinntidhe; budh é so comhroinn a ccupáin.