109 Atá manam ann mo láimh do ghnáth: acht níor dhearmaid mé do dhligheadhsa.
110 Do chuireadar na peacaidh paintéar am choinne: gidheadh ní dheachus ar seachrán ód aitheantaibhsi.
111 Do ghlac mé mar oighreacht thfíadhnuisese go bráth: óir is sólás dom chroidhe íad.
112 Do chláon mé mo chroidhe chum do reachta do dhéanamh go bráth.
113 Fúathuighim smuáintighthe díomhaoine: acht grádhuighim do dhligheadhsa.
114 Is tusa mionad foluighthe agus mo scíath: do bhí mo dhóigh ann thfocal.
115 Imthighidh uáim, sibhsi a lucht déanta uilc: agus coimhéadfad aitheanta mo Dhé.