3 Cuir a THIGHEARNA, faire, air mo bhéul; coimhéad dorus mo phuisíneadh,
4 Ná cláon mo chroidhe chum droichneithe, chum droichghníomha do dhéanamh ré daóinibh noch oibrighios urchóid: agus ná léig dhamh ithe dá mbíadhuibh millsi.
5 Buaileadh an fíreun mé; budh cineul dhamh sin: fós imdheargadh sé mé; budh ola mórlúaighe sin, nach brisfidh mo cheann: biáidh fós mo ghuidhe léo iona nanacair.
6 Mar bhéid a mbreitheamhuin ar na tteilgionn síos lé táobhuibh na cairge, annsin cluinfid mo bhríathrasa; óir is aóibhinn íad.
7 Mar thochlas neach agus scoiltios sé connadh air an ttalamh, atáid ar gcnámha ar na sgacadh a ttimchioil bhéil na huáighe.
8 Acht chugadsa a Dhía mo THIGHEARNA, atáid mo shúile: ionnadsa do chuir mé mo dhóigh; na léig manam gan dídean.
9 Cumhduigh mé ar neart an phaintéar noch do shuigheadar am choinne, agus air innlibh luchta oibrighthe na hurchóide.