2 O mo anam, a dubhairt tú ris an TTIGHEARNA, Is tú mo THIGHEARNA: ní roichionn mo mhaith chugadsa;
3 Acht chum na náomh atá air talamh, agus chum na noirdhearc, iona bhfuil mo uile thaitneamh.
4 Méideochar a ndóbhrón, noch bhrostuighios a ndiáigh día oile: a ndeoch-íodhbartha fola ni ofrála mé, ní thógfa mé súas a nainm chum mo phus.
5 Isé an TIGHEARNA comhroinn moighreachda agus mo chupáin: cothuighionn tú mo chrannchair.
6 Do thuiteadar na comharthadha chugamsa a nionaduibh thaitneamhacha; fós, atá oighreachd mhaith agum.
7 Beinneocha mé an TIGHEARNA, noch thug comhairle dhamh: do thegaisgeadar mo dhubháin mé mar an ccéadna a naimsir na hoidhche.
8 Do chuirios an TIGHEARNA do ghnáth ós mo choinne: do bhrígh go bhfuil sé air mo láimh dheis, ní chorrochthar mé.