10 Agus do bhí ag marcuigheachd ar Cherub, agus deitil sé; deitil go ro lúath ar sciothánuibh na gaóithe.
11 Do rinne a ionad uáigneach don dorchadus; uisgeadh dorcha agus néulla tiugha a naiéir bá páilliúin dóma thimchioll.
12 On deálradh do bhí as a choinne dimthigheadar a néulla tiugha, cloichshneachda, agus gúal teineadh.
13 Agus do rinne an TIGHEARNA tóirneach annsna neamhuibh, agus thug an té is ro áirde a ghuth; cloichshneachda agus gúal teineadh.
14 Fós, do chaith sé a shoighde, agus do spréidh sé íad; agus do chaith tinnteach, agus do chlaói íad.
15 Agus do chonncas aigéun na nuisgeadh, agus do nochtadh íochdar an domhuin ód achmhusansa, a THIGHEARNA, ó shoinnéun anála do shróna.
16 Do chuir sé a núas, do ghabh sé misi, do tharruing sé me as iomad uisgeadh.