16 Do chuir sé a núas, do ghabh sé misi, do tharruing sé me as iomad uisgeadh.
17 Do sháor sé me óm námhuid neartmhuir, agus ón druing do fhúathaigh mé: óir do bhádar ro neartmhar orum.
18 Thangadar am aghaidh a ló mo thruáighmhéile: acht do bhí an TIGHEARNA na urrainn agam.
19 Agus thug sé amach a nionad fhairsing mé; do sháor sé mé, do bhrígh go raibh dúil aige ionnam.
20 Do aisig an TIGHEARNA dhamh do réir mfíréantachd; do reír ghloine mo lámh thug sé díoluigheachd dhamh.
21 Do bhrígh gur choimhéud mé slighthe an TIGHEARNA, agus nar fhill mé go cionntach ó mo Dhía.
22 Oír do bhádar a bhreitheamhnusa uile ós mo chomhair, agus níor chuireas a reachda uáim.