18 Thangadar am aghaidh a ló mo thruáighmhéile: acht do bhí an TIGHEARNA na urrainn agam.
19 Agus thug sé amach a nionad fhairsing mé; do sháor sé mé, do bhrígh go raibh dúil aige ionnam.
20 Do aisig an TIGHEARNA dhamh do réir mfíréantachd; do reír ghloine mo lámh thug sé díoluigheachd dhamh.
21 Do bhrígh gur choimhéud mé slighthe an TIGHEARNA, agus nar fhill mé go cionntach ó mo Dhía.
22 Oír do bhádar a bhreitheamhnusa uile ós mo chomhair, agus níor chuireas a reachda uáim.
23 Agus do bhí mé díreach aige, agus do choimhéadas mé féin ó mo chionntuibh.
24 Agus thug an TIGHEARNA luáigheachd dhamh do reír mfíréuntachda, do reír ghloine mo lámh ós coinne a shúl.