2 An TIGHEARNA mo charruic, agus mo dhaingean, agus mfear sáortha; mo Dhía, mo neart, ióna ccuirfe mé mo dhóthchus; mo scíath, agus adharc mo shlánuighthe, mo ionad árd.
3 Goirfe mé air an TTIGHEARNA, nóch is fiú a mholadh: agus saorfuighthear óm naimhdibh mé.
4 Do thimchiolladar doilghiosa an bháis mé: do eagluigheadar tuilte na neimh-dhíadhachda mé.
5 Do thimchiolladar doilghiosa ifrinn fa ccúairt mé: do cuireadh líonta an bháis as mo choinne.
6 Ann mamhgar do ghoireas air mo THIGHEARNA, agus déighios air mo Dhía: do chúaluidh sé ó na theampull mo ghuth, agus do chuáidh méighmhe ós a choinne, iona chlúasaibh.
7 Ann sin do chroith agus do chriothnuigh an talamh; agus do chriothnuigheadar íochdar na ccnoc agus do chriotheadar íad féin, do bhrígh go raibh teas feirge air.
8 Do chuáidh deatach suas tré na shróin phuill agus teine iosa bhéul ag cnaói: do lás gúal úadha.