23 Agus do bhí mé díreach aige, agus do choimhéadas mé féin ó mo chionntuibh.
24 Agus thug an TIGHEARNA luáigheachd dhamh do reír mfíréuntachda, do reír ghloine mo lámh ós coinne a shúl.
25 Don trócaireach táisbeanfa tú thú féin trócaireach; ris an duine díreach táisbeanfa tú thú féin díreach;
26 Do nfíorghlan foillseachthair thú féin fíorghlan; agus leis an cceannairctheach foillseochthair thú féin ceannairctheach.
27 Oír sáorfa tú na daóine buáidheartha; agus bhéarair na súile ro árda a núas.
28 Oír lasfaidh tú mo chonniol: soillseochthuidh mo THIGHEARNA Día mo dhorchadus.
29 Oír tré do chungnamhso rithfiod thríd shlúagh; agus maille ré mo Dhía rachad do léim thar bhalla.