27 Oír sáorfa tú na daóine buáidheartha; agus bhéarair na súile ro árda a núas.
28 Oír lasfaidh tú mo chonniol: soillseochthuidh mo THIGHEARNA Día mo dhorchadus.
29 Oír tré do chungnamhso rithfiod thríd shlúagh; agus maille ré mo Dhía rachad do léim thar bhalla.
30 Do tháobh Dé, atá a shlighe iomlán: do dearbhadh bríathra an TIGHEARNA: is scíath é do nuile chuirios a ndóthchus ann.
31 Oír cía is Día acht an TIGHEARNA? cía is carruig acht ar Ndíane?
32 An Día noch ullmhuighios mé le neart, agus do ní mo shlighe iomlán.
33 Noch do ní mo chosa ionann ré cosuibh na neilteadh, agus shuighios mé ar mionaduibh árda.