33 Noch do ní mo chosa ionann ré cosuibh na neilteadh, agus shuighios mé ar mionaduibh árda.
34 An té mhuinios mo lámha chum cogadh, iondus go mbristior bogha crúadha rem lámhuibh.
35 Agus thuguis dhamh mar an gceudna scíath do shlánuighthe: agus do chonnaimh do lámh dheas súas mé, agus do mhéuduigh do cheansachd mé.
36 Fairseonguidh tú mo choiscéime fúm, agus ní sciorrfuid mo shála.
37 Do bhéar tóruigheacht dom naimhdibh, agus béarad orra: agus ní fhillfe mé go cclaóidhtear íad.
38 Gonfead íad thríotha iondus nach budh éidir léo éirghe: tuitfid fam chosuibh.
39 Uillmheochuidh tú lé neart mé chum an chatha: claoidhfidh tú an luchd éirghios am aghaidh.