42 Agus brúighfe mé íad amhuil luáithreadh roimhe an ngaóith: amhuil lathach annsna sráidibh sailteoruidh mé orra.
43 Saorfa tú mé ó imreasain na ndaóine; cuirfir mé mar cheann air na cineadhachaibh: daóine nar bhaithne dhamh do dhéanuid serbhís damh.
44 Comhluath is chluinfid a ccluas, caithfid bheith umhal damh: caithfidh an coigcrigheach umhla do dhéanamh dhamh.
45 Tuitfid na coigcrígh, agus biáidh eagla orra as a nionaduibh daingne.
46 Mairidh an TIGHEARNA; agus go madh beannuigh bhias mo charruic; agus árduighthear Día mo shlánuighthe.
47 An Día noch do bheir dioghaltas ar mo shonsa, agus a deir ris na daóinibh bheith urramach dhamh.
48 Sáorfa tú mé óm naimhdibh: iseadh, tógfa tú mé ós cionn na druinge éirghios súas am aghaidh: sáorfa tú me ó fhear a nfhoiréigin.