44 Comhluath is chluinfid a ccluas, caithfid bheith umhal damh: caithfidh an coigcrigheach umhla do dhéanamh dhamh.
45 Tuitfid na coigcrígh, agus biáidh eagla orra as a nionaduibh daingne.
46 Mairidh an TIGHEARNA; agus go madh beannuigh bhias mo charruic; agus árduighthear Día mo shlánuighthe.
47 An Día noch do bheir dioghaltas ar mo shonsa, agus a deir ris na daóinibh bheith urramach dhamh.
48 Sáorfa tú mé óm naimhdibh: iseadh, tógfa tú mé ós cionn na druinge éirghios súas am aghaidh: sáorfa tú me ó fhear a nfhoiréigin.
49 Ar a nadhbharsin molfa mé thú, a THIGHEARNA, a measc na ngeinteadh, agus canfad moladh dot ainm.
50 Noch do bheir fúascluithe móra dha rígh; agus fhoillsighios trócaire dhá ungthach, do Dháibhi, agus dá shíol go bráth.