2 Cuirid ríghthe na talmhan íad féin a cceann a chéile, agus glacaid na ríaghlóirigh comhairle, re chéile a naghaidh an TIGHEARNA, agus a naghaidh a ungthaigh, ag rádh,
3 Briseam ó chéile a ccuibhreacha, agus teilgiom uáinn a cceangail.
4 An té shuighios ansna flaitheasuibh do dhéana sé gáire: do dhéana an TIGHEARNA fochmhuid orra.
5 Annsin laibheoruidh sé ríu iona fheirg, agus cráidhfidh sé íad iona dhíbhfheirg.
6 Gidheadh do chuir misi mo rígh air mo chnoc náomhtha Sion.
7 Foillseocha mé an reachd: a dubhairt an TIGHEARNA riomsa, Is tú mo Mhac; a niugh do ghin mé thú.
8 Iarr orum, agus do bhéara mé dhuit na geinte mar oighreacht, agus na codcha is imchéine don talamh mar sheilbh.