6 Gidheadh do chuir misi mo rígh air mo chnoc náomhtha Sion.
7 Foillseocha mé an reachd: a dubhairt an TIGHEARNA riomsa, Is tú mo Mhac; a niugh do ghin mé thú.
8 Iarr orum, agus do bhéara mé dhuit na geinte mar oighreacht, agus na codcha is imchéine don talamh mar sheilbh.
9 Brisfe tú íad lé slait íaruinn; mion-bhruighfir íad iona ccodchuibh mar shoightheach críadh.
10 Bíthí glic anois uimesin, ó a righthe: glacuidh teagasg, a bhreitheamhuin na talmhan.
11 Fóghanuigh don TIGHEARNA maille le heagla, agus lúathgáirighidh maille le creathaibh.
12 Póguidh an Mac, deagla go mbíadh sé feargach, agus go rachadh sibh a múgha san tslighe, an tan lasfus a fhearg dhá laghad. Is beannuigh an dream uile, noch chuirios a ndóigh ann.