2 Oír do shuighidh é air na huisgeadhuibh, agus do dhaingnidh é air na tuiltibh.
3 Cía rachus súas a slíabh an TIGHEARNA? agus cía sheasfas ion ionad náomhtha?
4 An té agá bhfuil lámha glana, agus croidhe fíorghlan; noch nar thóg súas a anum chum díomhaoinis, agus nach ttug a mhionna chum ceilge.
5 Do gheabha sé beannughadh an TIGHEARNA, agus fíréuntachd ó Dhía a shlánuighthe.
6 Isé so ginealach na druinge íarras é, noch íarrus do ghnuis, a Dhía lácob. Selah.
7 O sibhsi a gheatuighe, tógbhuidh súas bhur ccinn; agus tógbhuidh súas sibh féin, sibhsi a dhóirse síorruidhe; agus tiucfaidh Rígh na glóire a steach.
8 Cía hé an Ríghsi na glóire? An TIGHEARNA láidir agus cumhachdach, an TIGHEARNA cumhachdach a gcáth.