1 Chugadsa gháirfeas mé, a THIGHEARNA mo charruig; na bí boghar am tháobhsa: deagla, muna bhfreagarthá mé, go madh cosmhuil mé ris a ndróing théid síos don log.
2 Cluin guth mo athchuinge, a nuáir chomhaircfead chugad; a núair thóigfead súas mo lámha chum horacuil náomhtha.
3 Na tárruing mé leis na cionntachaibh, ná leis a ndróing oibrighios olc, noch labhras síothcháin ré na ccomharsanuibh, a nuáir bhíos urchóid iona ccroidhe.
4 Tabhair luáigheacht dóibh do reír a ngníomh, do reír urchóide a ndithchill: tabhair dhóibh do reír oibre a lámh; tabhair dhóibh a luáigheacht.
5 Oír ní bhfuil meas aca air oibribh an TIGHEARNA, nó ar oibriughadh a lámh, brisfe sé síos íad, agus ní chuirfidh súas íad.
6 Go madh beannuigh an TIGHEARNA, oír do chúalaidh sé guth mo íarratuis.