3 Na tárruing mé leis na cionntachaibh, ná leis a ndróing oibrighios olc, noch labhras síothcháin ré na ccomharsanuibh, a nuáir bhíos urchóid iona ccroidhe.
4 Tabhair luáigheacht dóibh do reír a ngníomh, do reír urchóide a ndithchill: tabhair dhóibh do reír oibre a lámh; tabhair dhóibh a luáigheacht.
5 Oír ní bhfuil meas aca air oibribh an TIGHEARNA, nó ar oibriughadh a lámh, brisfe sé síos íad, agus ní chuirfidh súas íad.
6 Go madh beannuigh an TIGHEARNA, oír do chúalaidh sé guth mo íarratuis.
7 Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo scíath; do chuir mo chroidhe a dhóigh ann, agus do cobhruigheadh mé: ar a nadhbharsin do dhéana mo chroidhe gáirdeachus; agus molfad é le mo chaintic.
8 Isé an TIGHEARNA a neartsan, agus sé neart saórtha a ungthaigh é.
9 Tárthaidh do dhaóine, agus beannuigh hoighreacht: beathuidh fós íad, agus árduigh íad go bráth.