4 Canuidh psalm don THIGHEARNA, ó sibhsi a naomha féin, agus tugaidh buidheachus do chuimhne a naomhthachda.
5 Oir iona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.
6 Acht a dubhairt misi am shuáimhnios, Ní háthrochthar mé choidhche.
7 A THIGHEARNA, maille red ghrásuibhse do chuir tú neart ann mo shlíabhsa: dfoluigh tú haghaidh, agus do bhí mé buáidheartha.
8 Chugadsa a THIGHEARNA, do chomhairc mé; agus chum an TIGHEARNA do rinne mé mo ghuidhe;
9 Cred é an tarbha atá an mfuil, a núair rachad síos san núamhaidh? An molfuidh an luaithreadh thú? an bhfoillseochuidh sé thfírinne?
10 Cluin, a THIGHEARNA, agus déan trócaire orum: ó a THIGHEARNA, cuidigh liom.