2 Molaidh an TIGHEARNA ris an ccláirsigh: re psaltair re hionstrumeint dheich ttéud canuidh dhó.
3 Canuidh dhó caintic núadh; sinnidh go héolgach maille re fuáim áird.
4 Oír is díreach bríathar an TIGHEARNA, agus a oibreacha uile maille re fírinne.
5 Is ionmhuin leis ceart agus breitheamhnus: atá an talamh lán do thrócaire an TIGHEARNA.
6 Re breithir an TIGHEARNA do rinneadh na flaitheamhnuis; agus le spiorad a bhéil a shlúagh uile.
7 Cruinníghidh sé uisgeadha na mara amhuil cárnn: agus cuiridh súas an dúbhaigéan a ttighthibh ionnmhuis.
8 Bíodh eagla an TIGHEARNA air an ttalamh uile: bíodh úamhan ar uile áitreabhacha an domhuin.