6 Re breithir an TIGHEARNA do rinneadh na flaitheamhnuis; agus le spiorad a bhéil a shlúagh uile.
7 Cruinníghidh sé uisgeadha na mara amhuil cárnn: agus cuiridh súas an dúbhaigéan a ttighthibh ionnmhuis.
8 Bíodh eagla an TIGHEARNA air an ttalamh uile: bíodh úamhan ar uile áitreabhacha an domhuin.
9 Oír do labhair sé, agus do rinneadh amhluidh; do aithin sé, agus do cruthuigheadh é.
10 Do ní an TIGHEARNA comhairle na ccinneadhach díomhaoin: do ní smúaintighe na ndaóine neimhéifeachtach.
11 Seasfuidh comhairle an TIGHEARNA go bráth, smúaintighthe a chroidhe go sáoghal na sáoghal.
12 Is beannuigh an cineadh agá bhfuil an TIGHEARNA na Dhía aca; na daóine do thogh sé mar oighreachd dó féin.