1 Se Día ar ndídean agus ar neart, cungnamh ro ollamh a mbuaidhreadh.
2 Ar a nadhbharsin ní bhía eagla oruinn, da mbeith go nárthochadh an talamh, bíodh go náthrochadh na sléibhte go meadhon na fairge;
3 Bíodh go ndeanadh a huisceadha sin fuáim, agus go mbeidis buáidheartha, da ccriothnuighdís na cnuic le na hat sin go hanmhór. Selah.
4 Atá abhann, a ndéanaid a srutháin sin cathair Dé lúathgháireach, ionad náomhtha tigh comhnuighe an tí is ro áirde.
5 Atá Día iona meadhon; ní corrochtar í: do bhéaraidh Día furtachd di, re héirghe amuch na maidne.
6 Do rinneadar na cineadhacha fuáim, do chorruigheadar na rioghachda: do labhair seision, do leagh an talamh.
7 Atá TIGHEARNA na slógh linn; atá Día Iácob na dhídean aguinn. Selah.