4 Atá abhann, a ndéanaid a srutháin sin cathair Dé lúathgháireach, ionad náomhtha tigh comhnuighe an tí is ro áirde.
5 Atá Día iona meadhon; ní corrochtar í: do bhéaraidh Día furtachd di, re héirghe amuch na maidne.
6 Do rinneadar na cineadhacha fuáim, do chorruigheadar na rioghachda: do labhair seision, do leagh an talamh.
7 Atá TIGHEARNA na slógh linn; atá Día Iácob na dhídean aguinn. Selah.
8 Tigidh, féuchuidh air oibribh an TIGHEARNA, noch do chuir dólás air an ttalamh.
9 Do bheir sé fa deara cogadh do chosc go crích na talmhan; brisigh sé an bogha, agus gearruidh an gath ó chéile; loisgidh sé na carbuid annsa teine, ag radh,
10 Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh.