14 Cuirthear san úaidh íad mar cháorchaibh; iosfuidh an bás íad; biáidh úachdaránachd ag an bhfíréun orra air maidin; agus cnaóifighear a mbréaghdhachd san úaidh as a nionad comhnuighe.
15 Acht sáorfa Día manamsa as láimh na húaidhe: óir géabhúidh sé chuige mé. Selah.
16 Ná bíodh eagla ort a nuáir do nithear duine saidhbhir, a nuáir mhéuduighthear glóir a thighe;
17 Oír an tan éugfas sé ní bheára éinní leis: ní rachaidh a ghlóir síos dá leanmhuin.
18 Bíodh gur bheannuigh sé a anam iona bheatha: agus go molfaid thú, mar do dhéanair maith dhuit féin.
19 Rachaidh sé go ginealach a aithreach; ní fhaicfidh solus go bráth.
20 An duine atá a noirdhearcus, agus nach ttuigionn, is cosmhail é ris na hainmhidhibh imthighios seachad.