1 Tabhair clúas dom bhriathruibh, ó a THIGHEARNA, meas mo smúaintighe.
2 Eíst ré guth mo éighmhe, ó mo Rígh, agus mo Dhía: óir is chugadsa ghuidhfeas mé.
3 Cluinfir mo ghuth air maidin, ó a THIGHEARNA; air maidin díreochaidh mé múrnaigh chugad, agus féuchtad súas.
4 Oir ní Día thú agá bhfuil dúil a nurchoid: ní mó choimhneochus olc maílle riot.
5 Ní sheasfaid na hamadáin ann do radharc: súathuighionn tú a nuile luchd déanta na héagcóra.
6 Scriosfa tú an luchd do labhrus bréug: biáidh fúath ag an TTIGHEARNA air a nduine fhuilteach agus mheabhlach.
7 Acht air mo shonsa, tiocfa mé a steach ann do thigh a niomadamhlachd do thrócaire: agus ann heagla do dhéagh adhradh go nuige do theampall náomhtha.