11 Is aithne dhamh uile éanlaith na slíabh: agus is liomsa beathuigh állta an mhachaire.
12 Da mbéinn ocrach, ní inneosuinn duitsi: oír is liomsa an domhan, agus a iomláine.
13 A níosa mé feóil tharbh, no a níbhfe mé fuil na ngabhar?
14 Iódhbair moladh do Dhía; agus díol do mhóide ris an té is ró áirde:
15 Agus goir orumsa a ló a néigiontais: agus sáorfad thú, agus do bhéara tú glóir dhamh.
16 Acht ris an ccionntach a deir Día, Cá mbeannan duitsi mo statúidighsi dfoillsiughadh, agus go ngéubhthá mo chunnradh ad bhéul?
17 Agus fúathuighe tú smachdughadh, agus teilgfir mo bhríathra táobh síar dhíot.