20 Suighidh tú agus labhruidh tú a naghaidh do dhearbhrathar; do bheirir scannail do mhac do mhathar.
21 Na neithesi do rinnis, agus do bhí misi am thochd; agus do shaóilis go mbéinn cosmhuil riot féin go hiomlán: achd do bhéar achmhusán duit, agus cuirfead na neithesi a nórdughadh ós coinne do shúl.
22 Anois measuighe so, sibhsi noch dhearmadas Día, deagla go réubfuin sibh, agus nach biáidh fear bhur ttárrthála.
23 An té íodhbras moladh do bheir sé onóir dhamhsa: agus an té órduighios a shlighe taisbeanfadsa slánughadh Dé dhó.