4 Goirfidh sé chum na bhflaitheas ó a núas, agus chum na talmhan, do bhreith breithe air a dhaoinibh.
5 Cruinnighe mo náomha chugam; noch do rinne cunnradh liom le híodhbairt.
6 Agus foillseochuid na flaithis a fhíréuntachd: óir isé Día féin an breitheamh. Selah.
7 Cluinidh, ó mo dhaóine, agus laibheorad; ó a Israel, agus do dhéan fiadhnuise dhuitsi: is misi Día, do Dhíasa.
8 Ni dhéanad himdheargadh ar son híodhbarthach nó hofrálach loisge, noch do bhí ós mo chomhair a gcomhnuighe.
9 Ní ghéubhad bulóg as do thigh, no gabhair fhirionna as do mhánruchuibh.
10 Oír is liomsa a nuile bheathach na coilleadh, an teallach ar mhíle chnoc.