9 Ní ghéubhad bulóg as do thigh, no gabhair fhirionna as do mhánruchuibh.
10 Oír is liomsa a nuile bheathach na coilleadh, an teallach ar mhíle chnoc.
11 Is aithne dhamh uile éanlaith na slíabh: agus is liomsa beathuigh állta an mhachaire.
12 Da mbéinn ocrach, ní inneosuinn duitsi: oír is liomsa an domhan, agus a iomláine.
13 A níosa mé feóil tharbh, no a níbhfe mé fuil na ngabhar?
14 Iódhbair moladh do Dhía; agus díol do mhóide ris an té is ró áirde:
15 Agus goir orumsa a ló a néigiontais: agus sáorfad thú, agus do bhéara tú glóir dhamh.