2 Do shluigfidís mo naimhde mé air feadh an laói: óir atá iomad ag cathughadh am aghaidh, ó thusa is ro áirde.
3 A nuáir bhías eagla orum, biáidh mo dhóigh ionnadsa.
4 A Ndía mholfas mé a bhríathar, a Ndía chuirim mo dhóigh; ní bhiáidh eagla orum cred do dhéanas feóil orum.
5 Ar feadh an laói fáisgid mo bhríathra: atáid a smuaintighe éile chum uilc am aghaidh.
6 Cruinnighid íad féin ar áonbhall, folchaid íad féin, comharthuighid mo choiscéimighe, a nuáir bhíd ag foraire ar manam.
7 An rachaid síad as ar son a nurchóide? ann thfeirg ísligh na daóine, a Dhé.
8 Comháirmhionn tú mo sheachrán: cuir mo dheóra ann do bhuidéul: nach bhfuilid ann do leabhar?