3 Do thaisbéin tú ní crúaidh dot phobal: thuguis oruinn fíon an mhearuighthe dól.
4 Thuguis bratach don lucht agá bhfuil heagla, dá nochtadh air son na fírinne.
5 Chum go sáorfuidhe haóis grádha; sáor led láimh dheis, agus cluin misi.
6 Do labhair Día iona náomhthachd; bíad lúathgháireach, roinnfead Sechem, agus toimheosad gleann Sucot.
7 Is leamsa Gílead, agus is leam Manasseh; sé Ephraim fós neart mo chinn; Iudah mo dhlightheamhnach;
8 Moab mo phota ionnluith; teilgfiod mo bhróg tar Edom: a Phalestina, déan caithréim ós mo chionn.
9 Cía bhéaras mé gus an ccathruigh dhaingin? cía thréorochus mé go Hédom?