8 Cuiridh bhur ndóigh ann a ccomhnuighe; sibhsi a dhaoine, dóirtighe amach bhur ccroidhe dá lathair: isé Dia is dídion dhúinn. Selah.
9 Go deimhin is díomhaóineas clann na ndaóine uirísiol, is bréug clann na ndaóine móra: ar na ccur a néainfeachd a meadhuibh, is éattruime íad ná an díomhaóineas.
10 Ná cuirigh bhur ndóigh a sárughadh, agus a sladuigheachd ná bíthi díomhaóin: an tan fhásas saidhbhrios, ná cuiridh bhur ccroidhe air.
11 Do labhair Día aonuáir; fá dhó chúala mé so; gur ré Día bheunas cumhachda.
12 Mar an ccéadna is leátsa, a THIGHEARNA, trócaire: óir do bhéarair don duine do réir a oibre.