16 Cluin mé, a THIGHEARNA; oír is maith do chinéul grádhach: do réir iomad do thrócaire ceannsa fill orum.
17 Agus ná foluigh haghaidh od sheirbhíseach; oír a táim a mbuaidhreadh: déana deithfir dom éisdeachd.
18 Druid a ngar dom anam fúasgail é: sáor mé do bhrígh mo námhad.
19 Is aithne dhuitsi mo scannail, agus mo náire, agus measonóir: atáid mo naimhde uile ós do choinne.
20 Do bhris an táchmhusán mo chroidhe; agus atáim lán do dhóbrón: agus do bhí súil agam re duine éigin do dhéanadh comhthuirsi leam, agus ní raibh áonduine; agus ar son luchd comhfhurtachda, ní bhfúaras íad.
21 Agus thugadar dhamh arson bhíadh domlas; agus ann mo thart thúgadar fíneagra re nól damh.
22 Bíodh a mbórd ós a ccoinne féin mar dhul: agus a nionad luaidheachda, mar phaintéur dhóibh.