20 Do bhris an táchmhusán mo chroidhe; agus atáim lán do dhóbrón: agus do bhí súil agam re duine éigin do dhéanadh comhthuirsi leam, agus ní raibh áonduine; agus ar son luchd comhfhurtachda, ní bhfúaras íad.
21 Agus thugadar dhamh arson bhíadh domlas; agus ann mo thart thúgadar fíneagra re nól damh.
22 Bíodh a mbórd ós a ccoinne féin mar dhul: agus a nionad luaidheachda, mar phaintéur dhóibh.
23 Dorchuidhthear a súile, iondus nach bhfaicid; agus tabhair air a leasrachaibh bheith a ccomhnuighe air crith.
24 Doirt amach do dhíbhfheirg orra agus gabhadh teas thfeirge greim orra.
25 Bíodh a nionad comhnuidhe na bháinsigh; ná bíodh fear comhnuighe ann a ttighthibh.
26 Oír do níd ainleanmhuin air an té do bhuáil tusa; agus labhruid chum doilghis don lucht do loit tú.