2 Deagla go réubfeadh se manam amhuil leomhan, dhá strócadh a ccodchuibh, a nuáir uach bhfuil éinneach ann do ainicfeadh.
3 O a THIGHEARNA mo Dhía, má rinne mé so; má atá éacceart ann mo lámhuibh;
4 Má chuitigh mé olc ris an té do bhí a síothcháin riom; (fos, do ainic me an té noch atá na námhuid dhamh gan chúis:)
5 Déanadh mo námhaid gérleanmhuin air manam, agus gabhadh sé é; fós, saltradh sé síos mo bheatha air an ttalamh, agus léigeadh sé monóir san luáithreadh. Selah.
6 Eírigh, a THIGHEARNA, an thfeirg, tóg súas thú féin tre anbhuirbe mo naimhdesi: agus múscuil ar mo shonsa chum an bhreitheamhnuis noch do fhúagruis.
7 Mar sin cruinneochuid coimhthionól na ndaoine ad thimchioll: air a sonsan uimesin fillsi air árd.
8 Béaruidh an TIGHEARNA breitheamhnus air an bpobal: breathnuigh misi, ó a THIGHEARNA, do reír mfiréantachda, agus do reír mo dhíoghruisi noch atá ionnam.